An Hobad

An Hobad

J.R.R. Tolkien

Enjoyment: Quality: Characters: Plot:

Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi. In aghaidh a thola ar dtús a ghlacann Biolbó Baigín páirt sa tóraíocht chontúirteach, mar is hobad gan uaillmhian é, atá an-tugtha do chompord an tsaoil. I ndeireadh na dála, áfach, cuireann sé iontas air féin lena sheiftiúlacht agus lena scil amhail buirgléir. I measc eachtraí eile buaileann Biolbó le troill, le púcaí, le habhaic, le heilbh agus le damháin alla ollmhóra, déanann sé comhrá le Smóg Dragan, agus bíonn sé i láthair go han-drogallach ag Cath na gCúig Arm. Tá Biolbó Baigín le háireamh i measc laochra neamhbhásmhara litríocht na bpáistí. Is dá pháistí féin a scríobh an tOllamh Tolkien an scéal an chéad lá agus bhain an bunleagan Béarla cáil dhomhanda amach a thúisce is a foilsíodh é. Anois tá leagan Gaeilge le fáil den chéad uair riamh in aistriúchán den scoth leis an Ollamh Nicholas Williams. Feicfear sa leabhar na pictiúir agus na léirscáileanna uile a rinne an t-údar féin.


From the Forum

No posts yet

Kick off the convo with a theory, question, musing, or update

Recent Reviews

No reviews yet

Share a rating or write a review

Community recs if you liked this book...